Posted on Wednesday, 10 April 2013
Body

 Ó thosach aimsire, bhí páirt mhór ag an gceol i gcultúr na hÉireann. 

Tá ceol ina chuid bheoga thaitneamhach de shaol na scoile agus déanaimid    traidisiún an cheoil a cheiliúradh ar bhealach speisialta le linn Seachtain na Gaeilge.  I mbliana arís, sheinn go leor de na daltaí – os cionn céad díobh – ceol uirlíse i bhForhalla na Scoile i rith Seachtain na Gaeilge.  Bhain an lucht éisteachta, idir óg is aosta, an-taitneamh as an gceol agus táimid fíor-bhródúil as ár gceoltóirí.  Maith sibh!